Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 6ú lá de mí Feabhra, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1995 shiúil Chris Eubank amach as troid I mBaile Átha Cliath tar éis coimhlint le Stephen Collins de bharr leithcheal ciníoch. Bhí Chris ar buille faoin ráiteas ó Stephen.
I 2014 sheol Madonna teachtaireacht le tacaíocht chuig Rory O Neill tar éis a óráid faoi homafóibe. Is banríon draig é Rory O Neill darbh ainm Panti Bliss agus ghabh sé buíochas do Madonna don teachtaireacht.
I 2000 tháinig a lá daoine le chéile chun 10km a siúil nó rith. Bhí siad ann chun airgead a bhailiú do Peoples Millennium Park.
I 2014 d’fhág Céilí agus rince seit I Durlas slán chuig ball a bhí ann ar feadh 24 bhliain. Delia Cornally an t-ainm a bhí uirthi agus d’oinigh siad í ag a damhsa deireanach.
Sin Emeli Sande le Next To Me – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2012.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2007, bhí taispeántas I Londain de rudaí ó Kylie Minogue. Bhí rudaí ann cosúil le feisteas a chaith sí ar an stáitse, gradaim a bhí aici agus cúpla oiriúint eile.
I 2014 tháinig sé amach go raibh Smells Like Teen Spirit ó Nirvana an t-amhrán is fearr riamh ó NME. Bhí sé an t-amhrán deireanach a raibh scríofa don albam darbh ainm Nevermind a tháinig amach I 1991.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Bob Marley I Iamáice I 1945 agus rugadh amhránaí Axl Rose I Meiriceá ar an lá seo I 1962 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.