Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 13ú lá de mí Feabhra, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 2005 bhí bagairt ag Mary McAleese ó aontachtaí roimh a raibh sí chun taisteal chuig Sráid Seanchill I mBéal Feirste. Bhí na bagairt ann faoi cad a dúirt sí faoi Phrotastúnachas agus an tslí a raibh na bpáistí á foghlaim.
I 2013 d’fhostaigh DCU bailitheoir fiach chun aimsiú mic léinn nár íoc a táillí ollscoile, rinne UL agus UCD an rud céanna.
I 1996 bhí ceiliúradh ag dul ar aghaidh san Aonach Urmhumhan nuair a fuair 20 duine amach gur bhuaigh siad 500 míle punt sa Lotto.
I 2003 ar an lá seo bhí a lán rogha ag daoine nuair a bhí siad ag dul amach don oíche san Aonach Urmhumhan mar bhí a lán rudaí ar siúil cosúil le Dickie Rock, Denis Allen agus dioscó mór.
Sin Macklemore agus Ryan Lewis le Thrift shop – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2013.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1996 tháinig an nuacht amach nach mbeadh Take That le chéile a thuilleadh. Tháinig an nuacht amach ag preasráiteas sa Hilton I Manchain.
I 2012 bhuaigh Adele sé ghradam sa Grammy Awards. Bhí sí ainmnithe d’amhrán den bhliain do Rolling In The Deep agus fuair sí Grammy don amhrán Someone Like You. Chomh maith leis sin fuair sí gradam d’albam den bhliain do 21 agus fís den bhliain.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Katie Hopkins sa Bhreatain I 1975 agus rugadh amhránaí Robbie Williams ar an lá seo sa Bhreatain I 1974 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.