Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 12ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1969 fógraíodh gur chríochnaigh an stailc ag calafort Baile Átha Cliath. Chuaigh gach duine ar ais chuig an obair. Ghlac na píolótaí moladh nua agus de bharr sin tháinig stad leis na bpicéad agus tháinig 41 fear ar ais ag obair.
I 2002 d’éirigh capall Alex Ferguson, Rock of Gibralter, as rásaíocht capall agus bhí sé chun a lán airgead a fháil de bharr. Bhí an capall 3 bhliain a d’aois agus bhí sé chun a bheith ina chónaí ag Coolmore Stud I gcontae Tiobraid Árann.
I 1998 bhí foireann an ESB i Durlas ar bís nuair a d’oscail siopa nua sa cheantar a chosain 250 míle punt. Bhí an siopa ar sráid Thomond agus bhí sé ann ó 1975.
I 2006 ní raibh ball comhairle baile an tAonach Urmhumhan sásta leis na tinte chnámh ar Oíche Shamhna. Bhí siad ag iarradh cosc a chur ar na tinte chnámh de bharr go raibh siad ag cur isteach ar an bhaile mhór ar Oíche Shamhna an bhliain roimhe.
Sin Westlife le Unbreakable – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2002.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ón lá seo – I 2001 bhuail Ringo Starr, Paul McCartney agus George Harrison ag óstán I Nua-Eabhrac. Bhí sé sin a uair dheireanach a bhuail an triúir acu le chéile mar fuair George Harrison bás de bharr ailse dhá sheachtain tar éis.
I 2016 fuair Robbie Williams curiarracht dhomhanda a bhí ag David Bowie don mhéid is mó albam a chuaigh chuig uimhir a haon d’amhránaí aonair Briotanach. Tháinig sé amach leis an albam nua The Heavy Entertainment Show.
Agus ar deireadh, breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo, rugadh aisteoir Ryan Gosling I 1980 I gCeanada agus rugadh amhránaí Neil Young I 1945 I gCeanada chomh maith agus seo chuid de a hamhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le eagrán nua de Ar An Lá Seo.