Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 11ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1985 tháinig nuacht iontach amach do chailín Éireannach darbh ainm Cathy Clair a fuair obráid iontach san ospidéal I Meiriceá. Rugadh í le ach ordóg ar a lámh chlé agus dúradh léi nach raibh dochtúirí in Éirinn ábalta aon rud a dhéanamh – ach fuair sí lámh nuair a bhí sí I Meiriceá.
I 2008 bhí an costas de rudaí ag dul suas le 50% in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an costas ag ardú le seiceáil isteach ach dúradh nach raibh sé chun teacht isteach ar feadh tamall.
I 1997 bhí 36 páiste ón Bhealarúis ag fáil réidh chun teacht chuig an chontae sa samhradh. Tháinig siad chuig Durlas leis an eagraíocht Children of Chernobyl.
I 2005 chuid is mó de na láthair timpeall an chontae bhí siad lán mar tháinig a lán daoine chuig an chontae chun éisteacht le Johnny McEvoy, Foster and Allen agus Rebel Hearts.
Sin Queen le Crazy Little Thing Called Love – an t-amhrán is mó ar an lá seo i 1980.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1997 fuair Paul McCartney an t-ainm Sir Paul ó Queen Elizabeth II de bharr go raibh sé an cáiliúil sa tionscal an cheoil. Tharla sé ag Buckingham Palace I Londain. Níor tháinig Linda McCartney – a bean chéile de bharr go raibh ailse chíche aici.
I 2024 fuair amhránaí Eric Carmen bás ag aois 74. Amhráin cáiliúil a bhí aige ná Go All The Way, All By Myself, She Did It agus Hungry Eyes.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Terrance Howard I Meiriceá I 1969 agus rugadh aisteoir Jodie Comer sa Bhreatain ar an lá seo I 1993 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.