Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 11ú lá de mí Feabhra, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 2014 cheannaigh Donald Trump an cúrsa gailf Doonbeg I gcontae an Chláir do nach mór 15 milliún euro ach bhí nach mór 1 milliún euro de dheisiúchán le déanamh. Chuir sé ainm eile ar an áit – Trump International Golf Links agus bhí sé seo a chéad réadmhaoin in Éirinn.
I 2016 bhí Sinn Féin sa spotsolas nuair a tháinig siad amach go raibh siad chun an chúirt choiriúil speisialta a scrios dá bheidís sa rialtas tar éis an olltoghchán.
I 2005 chuaigh costas an tí suas sa chontae le 12% leis an meán nach mór 200 míle euro. Sin mhéadú de thimpeall 21 míle euro I gcomparáid le 2003.
I 2011 chaill an tAonach Urmhumhan siopa sa chathair. Tháinig an nuacht amach go raibh Ryan & Harty Menswear ag dúnadh tar éis 116 bhliain sa chathair.
Sin Zayn le Pillowtalk – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2016.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2008 bhí Heather Mills agus Sir Paul McCartney san Ard Chúirt I Londain chun a chúrsaí airgid a shocrú agus iad ag dul tríd colscaradh.
I 2012 tháinig an nuacht amach go bhfuair Whitney Houston bás in óstán Beverly Hilton.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jennifer Anniston I gCalifornia I 1969 agus rugadh amhránaí Sheryl Crow I Meiriceá ar an lá seo I 1962 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.