Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1989 bhuaigh Philomena Conneely, aois 23, an Lotto. Dúirt sí go raibh sí chun fós dul chuig an obair in ainneoin gur bhuaigh sí 1.9 milliún punt sa Lotto.
I 1990 tháinig timpeall 70 ghiall Éireannach abhaile ón Iaráic. D’fhan an fhoireann leighis ann i gcóir seirbhísí riachtanacha. Tháinig na daoine eile abhaile go sábháilte.
I 2016 d’oinigh fear darbh ainm Peter Ryan ó Dhrom Eanaigh ón gComhairle Náisiúnta um dhall dá thaispeántas sa Paralympics i Rio.
I 2018 chuaigh Francis Brennan chuig Durlas. Chuaigh sé ann chun na soilse Nollag a chas ar siúil.
Sin Jason Donovan le When You Come Back To Me an t-amhrán is mó ar an lá seo i 1989.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1967 fuair Otis Redding bás nuair a bhí sé aois 26. Bhí sé i dtimpiste eitleán. Bhí an eitleán ag iompar Otis agus a banna ceoil nuair a chuaigh siad isteach san uisce de Lake Monoma.
I 1998 bhuaigh Bruce Springsteen coimhlint sna cúirteanna ionas nach scaoileadh aon shean amhráin ó albam.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Fionnula Flannagan i mBaile Átha Cliath i 1941 agus rugadh aisteoir Raven Symone i Meiriceá i 1985 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.